Home / Eolas Fúinn




Na rudaí a seasaimid ar a son!

Prionsabail an Pháirtí

Ghlac an Comhaontas Glas leis na seacht bprionsabal seo de chomhaontú, ag am a bhunaithe:

  • Ní ceart go ndéanfadh tionchar na sochaí daonna, díobháil éiceolaíoch don timpeallacht.
  • Tá caomhnú na n-acmhainní riachtanach do shochaí inbhuanaithe.
  • Ba cheart go ndéanfaí gach cinneadh polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch ag an leibhéal éifeachtach is ísle.
  • Ba cheart go mbeadh an tsochaí á stiúradh ag féinspleáchas agus comhoibriú ag gach leibhéal.
  • Tá sé de fhreagracht orainn mar fheighlithe an domhain seo, é a chur ar aghaidh dár sliocht i gcaoi shlachtmhar agus shláintiúil.
  • Is mó an phráinn a bhaineann le síocháin dhomhanda ná le sainleasanna náisiúnta agus tráchtála.
  • Éilíonn bochtaineacht dhá thrian de mhuintir an domhain, go ndéanfaí athdháileadh ar acmhainní an domhain.

Rinneadh léirmhíniú agus forbairt ar na prionsabail seo i mbunreacht leasaithe 1997.

Táimid ar son?

  • Níos mó cinntí a bheith déanta ag leibhéal an phobail.
  • Rialú Oscailte.
  • Bun-ioncam do gach saoránach.
  • Fuinneamh in-athnuaite agus Athchúrsáil.
  • Cur i bhfeidhm iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta.
  • Comharchumainn na n-oibrithe agus gnólachtaí teaghlaigh beaga.
  • Béim ar iompar poiblí.
  • Gníomhartha díreacha gan foréigean.

Táimid i gcoinne?

  • Truailliú an aeir, na farraige agus na talún.
  • Bánú na tuaithe agus plódú sna cathracha.
  • Smachtú an tionscail ag comhlachtaí náisiúnta agus ilnáisiúnta móra.
  • Airm núicléacha agus cumhacht núicléach.
  • Amhantraíocht talún agus sealúchais.
  • Foréigean stáit agus paraimíleata araon, i dTuaisceart Éireann.
  • Dúshaothrú an tríú domhan.
  • Dúshaothrú ainmhithe.