Pauline O'Reilly

Seanadóir

Urlabhraí an Oideachais agus an Ardoideachais

Gaillimh Thiar
Pauline
Quote marks

Mar shochaí, is rómhinic a theipeann orainn éisteacht le guthanna cúramóirí agus tuismitheoirí. Seasaim go mór lenár leanaí agus lenár ndaoine fásta leochaileacha.

Taithí

Is aturnae cáilithe mé agus oibrím go forleathan le grúpaí pobail áitiúla agus náisiúnta.

Mo thosaíochtaí

Teastaíonn guth láidir uainn don fhorbairt inbhuanaithe, do spásanna glasa sábháilte agus do thimpeallacht shláintiúil dár leanaí. Tá Éire á fágáil ar gcúl sa rás domhanda d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus tá baol ann go ngearrfaí fíneálacha móra AE orainn as ár n-astaíochtaí carbóin. Teastaíonn fíor-athchóiriú fuinnimh uainn agus tacaíocht do thionscail nua an fhuinnimh ghréine agus ghaoithe.

Caithfimid beartas láidir maidir le hiompar, lena n-áirítear busanna minice agus breis iarnróid, a chur i gcrích. Fé mar a fhásann an chathair, caithfimid dul i ngleic le plódú tráchta leis na conairí agus na háiseanna chun an rothaíocht a dhéanamh ina fíor-rogha dúinn. Teastaíonn féarbhealaí uainn ionas go mbeadh ár mbailte agus ár sráidbhailte níos ináitrithe.

Is féidir le tithíocht agus bonneagar atá dea-dheartha agus dea-phleanáilte, saol níos fearr a chur ar fáil dúinn go léir.

Is í Gaillimh an chathair is éagsúla, in Éirinn atá ag éirí níos ilghnéithí. Teastaíonn roghanna il-sainchreidmheacha níos cuimsithí uainn san oideachas.

Taithí

Is aturnae cáilithe mé agus oibrím go forleathan le grúpaí pobail áitiúla agus náisiúnta.

Pauline Convention 2023

Teagmháil

pauline.oreilly@oireachtas.ie