Minister Pippa Hackett

Seanadóir
Aire

An tAire Stáit Bithéagsúlachta agus Talamhúsáide sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Laois-Uíbh Fhailí
Pippa Hackett
Quote marks

Tá Éire ináitrithe tuillte ag a cuid saoránach go léir. Tír atá ionchuimsitheach agus sábháilte, le poist mhaithe fhadtéarmacha, pobail bhríomhara, agus timpeallacht nádúrtha, ghlan agus shláintiúil. Sin an todhchaí atá mar sprioc ag an gComhaontas Glas.

Cibé áit ina gcuirfimid fúinn, tá na rudaí céanna uainn go léir.  Caighdeán maireachtála réasúnta, mothú pobail agus slándála, aer glan, uisce glan – tá na rudaí seo chomh tábhachtach céanna cibé an bhfuilimid inár gcónaí i gceantar uirbeach nó tuaithe, ar fheirm nó lasmuigh di.

Chuaigh mé i mbun na polaitíochta chun daoine a thabhairt le chéile, béim a leagan ar cosúlachtaí agus láidreachtaí coitianta a neartú. Ní thaitníonn an deighilt shaorga ar mhaithe le tairbhe polaitiúil liom.  Caithfimid a bheith cóir, ár ndícheall a dhéanamh, ach a aithint freisin go bhfuil go leor daoine iontacha ag déanamh rudaí dearfacha sa tír seo.  Creidim gurb é ceann de na tascanna is mó atá agam mar pholaiteoir ná na daoine sin a aithint agus cur lena n-iarrachtaí.

Mo thosaíochtaí

Teastaíonn uaim tacú le feirmeoirí agus le teaghlaigh feirme. Feighlithe na talamh is ea na feirmeoirí. Ba mhaith liom a chinntiú gur féidir leo fanacht ar an bhfeidhm, maireachtáil mhaith a dhéanamh, agus an comhshaol a chosaint mar a dhéanann siad amhlaidh.

Ba mhaith liom go mbeadh Laois agus Uíbh Fhailí níos fearr fós le cónaí iontu agus le hoibriú iontu, agus go mbeadh a mbailte agus a sráidbhailte beomhar. Agus beartais dírithe ar lár bailte ar dtús, comhionannas agus tithíocht do chách, ba mhaith liom go ndéanfaí mo cheantar a athnuachan agus a athbheochan.

Ba mhaith liom ár dtimpeallacht agus ár n-oidhreacht nádúrtha a chosaint: Tá go leor acmhainneachta i Lár na Tíre chun ár mbithéagsúlacht, ár n-uisce agus ár n-acmhainní nádúrtha eile a fheabhsú, agus tá ár bpobail ag croílár na hoibre sin.

Ba mhaith liom go mbeimis gníomhach agus sláintiúil. Caithfidh gníomhaíocht choirp agus aclaíocht a bheith ina dtosaíocht níos mó inár saolta, agus is rud é seo a bhfuil fonn orm tacú leis.

Ba mhaith liom ainmhithe a chosaint. Is ceist ollmhór é leas ainmhithe, a ndéantar dearmad uirthi go minic. Tá go leor acmhainneachta ann do thionscnaimh leasa ainmhithe (cibé acu ag leibhéal an údaráis áitiúil, na scoile nó an phobail), a d’fhéadfaí triail a bhaint astu anseo i Laois agus in Uíbh Fhailí.

Taithí

Is as Maigh Eo ó dhúchas mé, agus tá mé i mo chónaí gar do Ghéisill i gContae Uíbh Fhailí, gar
do theorainn Laoise, le breis agus 20 bliain. Toghadh mé chuig Comhairle Chontae Uíbh Fhailí in 2019 agus chuig Seanad Éireann in 2020. Nuair a tháinig an Comhaontas Glas isteach sa rialtas, ceapadh mé mar Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta.

Tá m’fhear céile Mark ina chomhairleoir de chuid an Chomhaontais Ghlais do cheantar áitiúil Éadan Doire. Is feirmeoirí muid, le feirm orgánach mheasctha (ba diúil, caoirigh, cearca agus capaill), agus tá ceathrar leanaí againn. Bhí baint agam le roinnt tionscadal pobalbhunaithe agus scoileanna i Laois agus in Uíbh Fhailí araon. Bhí mé i mo rúnaí agus i mo cheannaire ar chlubanna óige, i mo rúnaí
ar chlubanna lúthchleasaíochta, i mo bhunaitheoir agus stiúrthóir ar rith páirce Dhroim Cáithe, agus
i mo bhall boird de choistí áitiúla spóirt agus scoile. Tá na buntáistí iontacha a thagann ó phobal
ag obair le chéile feicthe agam.

Tá BSc sa Talmhaíocht agam ó Ollscoil Essex, mar aon le dioplóma iarchéime ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus PhD ó Ollscoil Luimnigh.    

Pippa Hackett on her farm

Teagmháil

pippa.hackett@oireachtas.ie