Tús Áite don Tithíocht

Leagtar béim sa chur chuige 'Tús Áite don Tithíocht' i leith easpa dídine ar thithe cobhsaí fadtéarmacha a fháil do dhaoine mar aon le raon tacaíochtaí saincheaptha chun cabhrú leo a dtionóntacht a choinneáil.

Housing First response to homelessness. Image shows a key in door.

Tús Áite don Tithíocht in Éirinn

Léiríonn fianaise ó Éirinn agus thar lear gurb é an cur chuige 'tús áite don tithíocht' an bealach is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine atá gan dídean go fadtéarmach agus oireann sé go háirithe do dhaoine gan dídean a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte agus/nó andúile acu.

Tá sé seo i gcodarsnacht le cur chuige traidisiúnta a chuireann réitigh éigeandála, ghearrthéarmacha ar fáil agus a leagann béim ar dhaoine a bheith 'réidh don chóiríocht'.

Leagann beartas rialtas na hÉireann béim ar an ngá atá le díriú ar thionóntachtaí a fháil do dhaoine aonair a bhfuil easpa dídine ainsealach nó eipeasóideach acu agus in 2021 seoladh an Plean Forfheidhmithe Náisiúnta nua 'Tús Áite don Tithíocht' 2022-26, ina luaitear:

"Faoin bplean, tá 1,319 tionóntacht tacaithe bhreise le seachadadh sna cúig bliana amach romhainn. Cinnteoidh sé seo go leanfaidh Tús Áite don Tithíocht ag feidhmiú agus ag leathnú i ngach contae in Éirinn. Beidh 264 tionóntacht nua ar an meán in aghaidh na bliana i gceist leis, agus tá na spriocanna bliantúla sonracha do gach réigiún leagtha amach sa phlean anois. Tá na spriocanna seo bunaithe ar anailís ar riachtanas, a raibh príomhpháirtithe leasmhara páirteach ann agus ar thacaigh an Ghníomhaireacht Tithíochta leo.

Chabhraigh an Clár Tús Áite don Tithíocht cheana féin le níos mó ná 600 duine a bhí gan dídean go fadtéarmach dul isteach ina dtithe féin ar feadh a saoil, agus tá tacaíochtaí timfhillteacha ar fáil dóibh chun iad a choinneáil sna tithe sin. Tá sé ag feidhmiú anois i ngach contae in Éirinn agus chuaigh sé thar na spriocanna a leagadh amach ar dtús sa chéad Phlean Forfheidhmithe Náisiúnta (2018-2021)."

Léigh tuilleadh faoi bheartas an Chomhaontais Ghlais maidir le heaspa dídine.

Quote marks

Léiríonn fianaise ó Éirinn agus thar lear gurb é an cur chuige 'tús áite don tithíocht' an bealach is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine atá gan dídean go fadtéarmach agus oireann sé go háirithe do dhaoine gan dídean a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte agus/nó andúile acu.