Ceapacháin Aire Gan Gaeilge Cáinte Mar “Díoma”

4th December 2017



Is “díoma” é duine gan Gaeilge a cheapadh an tríú uair as a chéile mar Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, a deir iarrthóir de chuid an Chomhaontas Glas inniu. Deir Peadar Ó Caomhánaigh, a d’ainmnigh an pairtí mar iarrthóir i mBaile Átha Cliath Thiar Lár sa chéad toghchán eile ag tosach Mhí na Samhna, gur comhartha é den easpa measa atá ag Fine Gael do streachailt na Gaeltachta agus don teanga.

“Is cosúil go bhfuil sé intuigthe anois go gceapann Fine Gael go bhfuil an Ghaeilge go deas, ach nach bhfuil orthu bheith dairíre fúithi agus ceannaireacht a léiriú ag bord na comhaireachta.”, arsa an Caomhánach, “ Is dóthain, dar leo, gur leor aire sóisearach le Gaeilge, nó scaití le fonn foghlama, a cheapadh chun stiúr a thabhairt don teanga; ach nuair a thagann sé go dtí an aireacht í féin, níl sé chomh tábhachtach cothrom na féinne a thabhairt don teanga.”

Ceapadh an Teachta Dála céaduaire Josepha Madigan ina hAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inné, ag briseadh le traidisiún gan Teachtaí gan taithí a cheapadh ina n-airí sinsireacha, ach deir an Caomhánach nach bhfuil baint aige seo lena ghearáin.

“Is cuma más seo an chéad uair, nó an deichiú, do Josepha Madigan bheith sa Dáil.”, ar sé, “Glacaim leis go bhfuil cumas léirithe aici chun post chomh tábhachtach a fháil. Ach ní hé seo an bealach le déileáil le géarchéim na Gaeltachta. Is díoma mór é seo agus an teanga í fein in am an ghátair.”