Tithíocht

Tá géarchéim tithíochta agus inacmhainneacht nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ag tarlú in Éirinn. Tá an Comhaontas Glas ag obair go dian chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo

Aerial view of houses in Ireland

Tá géarchéim tithíochta agus inacmhainneachta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo in Éirinn – idir easpa soláthair, cíosanna bíseacha agus bulc-cheannach ag cistí infheistíochta. Tá an Comhaontas Glas ag obair go dian chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo tríd an scéim iarfheistithe is mó i stair an Stáit a thabhairt isteach; tithíocht ar cíos de réir costais a thabhairt isteach in Éirinn don chéad uair; aghaidh a thabhairt ar fholúntas, ar dhearóiliú agus ar thithíocht lochtach; agus cinntiú gur tithíocht shóisialta nó inacmhainne é 100% den tithíocht a thógtar ar thalamh poiblí i mórionaid uirbeacha. Caithfimid an bunreacht a athchothromú chun an ceart chun tithíochta a chumhdach, agus bhí reifreann ar Thithíocht ina phríomhthiomantas i gClár an Rialtais agus táthar ag tabhairt aghaidh air seo tríd an gCoimisiún Tithíochta.

D'fháiltigh an Comhaontas Glas roimh an bplean Tithíocht do Chách i Meán Fómhair 2021. Tabharfar rochtain do dhaoine ar thithíocht ardchaighdeáin chun cíos nó í a cheannach ar phraghas réasúnta. Sa straitéis seo beidh an leibhéal is airde riamh d'infheistíocht Rialtais i dtógáil tithíochta sóisialta agus inacmhainne. Tá Tithíocht do Chách bunaithe ar cheithre chonair a oibríonn le chéile chun córas tithíochta níos inbhuanaithe a chruthú. Tacóidh an plean le húinéireacht tí agus méadóidh
sé inacmhainneacht; aghaidh a thabhairt ar easpa dídine, seachadadh tithíochta sóisialta a mhéadú agus tacú le cuimsiú sóisialta; soláthar tithíochta a mhéadú agus úsáid éifeachtúil a bhaint as an stoc tithe atá ann cheana féin.

Iarfheistiú leathmhilliún teach

Seoladh Scéim Uasghrádaithe Fuinnimh Baile nua ag an Aire Eamon Ryan i mí Feabhra 2022, an scéim inslithe tí agus iarfheistithe is mó sa Stát riamh. Ligfidh an scéim do dhaoine tithe níos teo a bheith acu, billí téimh a laghdú agus astaíochtaí carbóin a laghdú. Ceann de na bacainní is mó a bhí ar thionscadail iarfheistithe go dtí seo ná na réamhchostais foirgníochta a bhí le híoc. Cabhróidh an scéim seo le baint na bacainne sin buíochas le neart roghanna mar insliú áiléir agus aisfheistiú iomlán. I gcás tithe príobháideacha, clúdóidh deontais nua beagnach leath an chostais (45-51%) d’iarfheistiú domhain a fheabhsóidh éifeachtúlacht fuinnimh go rátáil ard B2.

Ciallaíonn sé sin gur féidir deontais níos mó ná €25,000 a thairiscint do sealbhóirí tí aonair. Beidh roghanna do dheontais 80% ar fáil le haghaidh oibreacha níos lú, amhail áiléir agus cuasbhallaí a insliú. Tá insliú áiléir uasghrádaithe ag teastáil ó thart ar leath de thithe na tíre. D’fhéadfadh sé sin an costas a bhaineann le teach a théamh a laghdú 25% gach bliain nó idir €400 agus €500. Beidh na teaghlaigh is leochailí maidir le tearcrochtain fuinnimh incháilithe do Scéim Uasghrádaithe Saorfhuinnimh. Chomh maith leis sin, cuirfidh líonra “ionaid ilfhreastail” seirbhís ó cheann go ceann shimplithe ar fáil mórthimpeall na tíre, dírithe orthu siúd atá ag tabhairt faoi iarfheistiú iomlán. Clúdóidh sé sin an próiseas iarratais, rochtain ar mhaoiniú agus obair thógála.

Céim suntasach is ea an Scéim Uasghrádaithe Fuinnimh Baile maidir le gealltanas Chlár an Rialtais a chomhlíonadh – 500,000 teach a iarfheistiú ar chaighdeán B2 agus 400,000 caidéal teasa a shuiteáil faoi 2030. Tiocfaidh méadú ollmhór ar an éileamh ar oibrithe i dtionscal na tógála mar thoradh ar scála na scéime sna deich mbliana amach romhainn.

Cíos a dhéanamh níos inacmhainne

Tá an tsamhail chíosa de réir costais ar cheann de mhórbheartais an Chomhaontais Ghlais. Is ionann cíos de réir costais agus cóiríocht ar cíos nua-aimseartha d’ardchaighdeán á soláthar ag an stát. Rinneadh 440 teach ar cíos de réir costais a sheachadadh don chéad uair in Éirinn sa bhliain 2021. Tá cíosanna na dtithe seo suas le 30-40% níos ísle ná praghsanna margaidh, rud a chiallaíonn go bhfuil an cineál seo cóiríochta cónaithe inacmhainne. Faoin straitéis Tithíocht do Chách méadaíonn na spriocanna d’aonaid ar cíos de réir costais ón líon reatha go 2,000 aonad in aghaidh na bliana. Tá siúl ag an gComhaontas Glas go dtiocfadh méadú breise ar an sprioc sin agus beimid ag obair lenár gcomhpháirtithe Rialtais chun dul i ngleic leis seo. Tá tástáil déanta ag na hOstaraigh ar an gcineál seo tithíochta le 100 bliain anuas agus cuireann sé cóiríocht chuibhiúil, shlán agus inacmhainne ar fáil anois do níos mó ná 60% de chónaitheoirí Víneacha.

Ag cur tithe folmha ar ais ar an margadh

Tá an Comhaontas Glas tar éis dul i mbun feachtais go seasta le haghaidh bearta cánach a chuirfeadh bac ar chur i dtaisce talún agus tuairimíocht sa mhargadh tithíochta agus a spreagfadh seachadadh an chineáil cheart tithíochta san áit cheart. Táimid ag cur leis an ngealltanas sin sa Rialtas anois chun cabhrú linn seachadadh tithe ar fud gach baile agus cathrach a mhéadú.

Sheol Steven Matthews TD, Urlabhraí na Pleanála agus an Rialtais Áitiúil de chuid an Chomhaontais Ghlais, agus Cathaoirleach Choiste Tithíochta agus Pleanála an Oireachtais, an ‘Bille um Fholús, um Dhearóiliú agus um Athghiniúint 2022’. Féachann an Bille le reachtaíocht atá ann cheana a leasú maidir le maoin fholamh agus thréigthe, bearta cánachais agus na próisis a bhaineann le huasghrádú na maoine atá ann cheana.

Tugadh an Cháin Talún Criosaí isteach i mBuiséad 2022 agus tá sé mar aidhm aici méid ollmhór suíomhanna atá díolmhaithe ó cháin faoi láthair inár mbailte agus inár gcathracha a thabhairt san áireamh agus úsáid na talún sin a spreagadh chun tithe a sholáthar. Beidh feidhm aige maidir le talamh atá criosaithe d’fhorbairt chónaithe nó d’fhorbairt úsáide measctha, a ndéantar seirbhísiú air ach nach bhfuil á fhorbairt ag úinéir an láithreáin.

Lochtanna tithíochta a dheisiú

Caithfidh d’úinéirí tí in Éirinn a bheith muiníneach go bhfuil tithe oiriúnach don fheidhm agus go bhfuil cuntasacht ann as lochtanna tógála. Éilíonn an Bille um Theaghais Lochtach 2021 de chuid an Chomhaontais Ghlais, a thug Francis Duffy TD, Urlabhraí na Tithíochta isteach, dualgas reachtúil nua ar aon duine a dhéanann oibreacha tógála cónaithe a shocrú, a dhéanamh nó a chur i gcrích, lena chinntiú go ndéantar iad le hábhair oiriúnacha chuí agus i gcomhréir leis an dlí. Tá sé seo ag tarlú agus réadmhaoin lochtach ag dul i bhfeidhm ar na mílte úinéir tí agus tionónta ar fud na tíre agus tá go leor daoine ina gcónaí i dtithe atá ar tí titim síos. Tá sé mar aidhm ag an mBille um Theaghais Lochtach a chinntiú go bhfuil tithe oiriúnach chun cónaí iontu, agus má aithnítear lochtanna, is féidir a bheith cinnte go bhfuil creat láidir ann le haghaidh leigheasanna dlí.

Cuireann an Bille dualgas reachtúil ar oibrithe tógála, ar thógálaithe agus ar dhaoine eile a bhfuil baint acu le hoibreacha foirgníochta a fheiceáil dó go ndéantar an obair i gceart agus go bhfuil na hábhair a úsáidtear oiriúnach don fheidhm agus nach bhfuil siad lochtach. Tá béim leagtha ag an bhfeachtas sásaimh mica ar an bpráinn a bhaineann le creat cuí um leigheas dlíthiúil, amlíne shoiléir inar féidir beart a dhéanamh, agus ar an dearbhú go n-áireofar le damáistí inghnóthaithe caillteanas eacnamaíoch, imní agus strus a fulaingíodh mar thoradh ar na lochtanna.

Aerial view of houses in Ireland

Ár mbeartas tithíochta

Is ceart daonna agus sóisialta é tithíocht leordhóthanach, idirspleách le dea-phleanáil, iompar, forbairt bonneagair, agus bainistíocht talún. Ba cheart go gcuirfeadh beartas tithíochta dea-thorthaí chun cinn do leanaí, do dhaoine óga, agus dóibh siúd is leochailí sa tsochaí amhail daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas.

Tuilleadh eolais