Ár Stair

Grúpa daoine a raibh fís fhadtéarmach acu d'Éirinn a chosnódh agus a chuirfeadh le timpeallacht nádúrtha, oidhreacht, bithéagsúlacht agus pobail an oileáin a bhunaigh an Comhaontas Glas in 1981.

Photo of the Green Party outside Leinster House in the 1990s

Bunú Chomhaontas Glas na hÉireann

Chuaigh an ghluaiseacht i dtreo na polaitíochta i ndeireadh na 1970idí agus i dtús na 1980idí nuair a bhí páirtithe Glasa á mbunú timpeall an domhain. Grúpa daoine a raibh fís fhadtéarmach acu d'Éirinn a chosnódh agus a chuirfeadh le timpeallacht nádúrtha, oidhreacht, bithéagsúlacht agus pobail an oileáin a bhunaigh an Comhaontas Glas (tugadh Páirtí Éiceolaíochta na hÉireann ar an bpáirtí san am sin) go hoifigiúil in Éirinn ar an 3 Nollaig 1981.

San am is deireanaí, chuaigh an Comhaontas Glas isteach sa rialtas in 2020. Tá 12 TDanna agus ceathrar Seanadóirí san Oireachtas, beirt Fheisirí, agus beirt CTR (Comhaltaí den Tionól Reachtach) i dTuaisceart Éireann faoi láthair. Chomh maith leis sin, tá níos mó ná 50 comhairleoir tofa ag obair i gceantair áitiúla timpeall an oileáin. Tá ról ríthábhachtach ag grúpaí áitiúla timpeall na tíre maidir le cruinnithe agus imeachtaí a eagrú, stocaireacht agus tiomsú airgid.

Stair an Chomhaontais Ghlais sna Meáin
Green Party founder Christopher Fettes

Ó Chartlann Irish Times: Scéal gan iomrá i dtaobh bhunús an Chomhaontais Ghlais

Bhí an páirtí bunaithe ag Sasanach, Christopher Fettes, ar rugadh in Kent in 1937 é, a rinne staidéar ar an mBéarla agus an Fhraincis i gColáiste na Tríonóide agus a bhí ina mhúinteoir ar feadh beagnach 40 bliain ag Coláiste Cholm Cille i mBaile Átha Cliath.

Tuilleadh eolais


Green Party candidates stand with their election posters for the 2009 Local and European Elections

RTÉ Radio One: Stair an Chomhaontais Ghlais

"If you take the argument that you've got to put the planet before politics, then you have to take the long-term view..." Cuirtear tús leis an gcuid is mó de leaganacha scéal an Chomhaontais Ghlais sna 1980idí, ag rianú a bhforbartha ó ghrúpa gníomhaithe a raibh an dearcadh céanna acu go Páirtí na hEiceolaíochta in 1981, ina dhiaidh sin an Grúpa Glas agus an Comhaontas Glas ar deireadh in 1988.

Tuilleadh eolais