Feachtais

Caithfidh an ceartas sóisialta agus an ceartas comhshaoil dul le chéile, agus spreagann ár gcuid feachtas athrú ceart i bpobail ar fud na hÉireann agus tá siad ag múnlú todhchaí atá níos fearr, níos cothroime agus níos inbhuanaithe.

Na feachtais a bhfuilimid ag obair orthu

Gníomhú ar son na hAeráide

Agus muid mar chuid den rialtas, táimid tar éis dul chun cinn níos mó agus níos tapa a dhéanamh i dtaobh cúrsaí aeráide na hÉireann ná mar atá déanta ag aon rialtas roimhe seo. Leis an Acht ceannródaíoch ar son na hAeráide agus leis an bPlean uaillmhianach Gníomhaithe ar son na hAeráide, beidh astaíochtaí na hÉireann laghdaithe faoina leath faoi 2030 agus ní bheidh aon astaíochtaí ann faoi 2050.

An Nádúr a Chosaint

Is ionann aire a thabhairt don nádúr agus aire a thabhairt dúinn féin. Le níos mó tacaíochta ná riamh ar son an nádúir, plean uaillmhianach foraoisithe, agus Tionól na Saoránach ar an mbithéagsúlacht, déanfaimid ár gcórais nádúrtha a athbhunú agus cruthóimid spás le go mbeidh an nádúr in ann fás.

Tithíocht Inacmhainne

Tá níos mó i gceist le géarchéim thithíochta na hÉireann ná soláthar, tá an ghéarchéim bunaithe ar an inacmhainneacht. Trí reachtaíocht ar son múnla 'Cíos Costais' a rith, trí bheartas le haghaidh 'Town Centres First' a chur chun cinn, cinnteoimid go bhfuil rochtain ag gach duine ar theach maith inacmhainne.

Quote marks

"Is é an Comhaontas Glas an páirtí sa Rialtas a thugann an méid is mó athruithe isteach. Tá athrú ceart á chur i bhfeidhm againn agus táimid ag obair go crua ar Éirinn níos cothroime do gach saoránach agus ar thodhchaí ghlas inbhuanaithe do chách a chruthú."

Buaicphointí
Green Party Senators Pauline O'Reilly, Vincent P Martin and Róisín Garvey bring a motion for free contraceptive to the Seanad in December 2020

Frithghiniúint Saor in Aisce

Tá an Comhaontas Glas i mbun feachtais le fada an lá ar son frithghiniúint saor in aice. Mar chuid de cheartas frithghiniúna, tá folláine iomlán fisiciúil, intinne, polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch daoine atá ag iompar, bunaithe ar chearta an duine atá ag iompar clainne a bhaint amach agus a chosaint.

Tuilleadh eolais


Solar panels on a roof

Fuinneamh an Phobail

Tá dhá scéim nua, a thabharfaidh tacaíocht do theaghlaigh agus pobail, chun páirt a ghlacadh i ngníomhú ar son na haeráide agus íocfar iad as leictreachas a easpórtálann siad chuig an eangach náisiúnta tar éis fheachtais an Chomhaontais Ghlais chun tacaíochtaí airgeadais micrighiniúna a thabhairt isteach.

Tuilleadh eolais


Le níos mó ná 40 bliain, táimid ag troid chun daoine agus an pláinéad a chosaint. Tá an misean seo níos práinní ná riamh.