Misean agus prionsabail

Is páirtí daonlathach é an Comhaontas Glas, agus déanann comhaltaí cinntí tábhachtacha maidir le beartais an pháirtí, maidir le hiarrthóirí le toghadh, agus maidir le rialacha a bhaineann leis an tslí a fheidhmíonn an páirtí

Green Party Councillors at the Local Green Group Think In 2021

Is páirtí polaitíochta comhoibríoch muid agus bímid sásta bheith ag obair i gcomhar leis na páirtithe eile go léir chun athrú dearfach a bhaint amach. Seasaimid lenár dtuairimí agus cuirimid na ceisteanna cearta ionas gur féidir smaointe/coincheapa móra a chur chun cinn agus ionas nach ndéanfar cinntí gan dóthain machnaimh a bheith déanta orthu.

Tá ár bpáirtí thar a bheith daonlathach agus déanann na baill cinntí móra faoi pholasaithe an pháirtí, iarrthóirí toghcháin agus rialacha feidhmithe an pháirtí. Forbraíodh ár mbunreacht thar thréimhse 30 bliain agus is féidir leis na baill é a leasú go bliantúil ag ár nArdfheis. Toghtar ár gCoiste Feidhmiúcháin, ár gCisteoir agus ár nIontaobhaithe gach bliain ag Ardfheis an pháirtí chomh maith.

Quote marks

Tá sé de chuspóir againn athrú cóir a chur i bhfeidhm, rud a chosnaíonn ár ndúlra agus a spreagann múnla geilleagrach atá níos cothroime do gach duine. Is é ról a bheidh ag an gComhaontais Glas amach anseo ná cabhair a thabhairt leis na nithe praiticiúla a theastaíonn chun an t-athrú seo a chur i bhfeidhm.

Bunaíodh an ghluaiseacht Ghlas nuair a chaitheamar súil siar ar ár bplainéad den chéad uair agus thugamar faoi deara gur mhór an bhagairt a bhíomar a chur roimh ár ndúlra. Bhí tuiscint ag ár bPáirtí i gcónaí gur ríthábhachtach a bheith ag smaoineamh ar bhonn domhanta agus a bheith gníomhach ar bhonn áitiúil.

Chuaigh an ghluaiseacht i dtreo na polaitíochta i ndeireadh na 1970idí agus i dtús na 1980idí nuair a bunaíodh páirtithe Glasa i mbeagnach gach contae. Grúpa daoine a raibh fís acu d'Éirinn a mbeadh plean fadtéarmach aici agus d'Éirinn a chosnódh áilleacht nádúrtha an oileáin a bhunaigh an Comhaontas Glas in Éirinn (tugadh Páirtí Éiceolaíochta na hÉireann ar an bpáirtí san am sin) sa bhliain 1981.

Ár seacht bprionsabal bunaidh

Níor cheart go n-imreodh an tsochaí drochthionchar éiceolaíoch ar an timpeallacht.

Ba cheart go ndéanfaí gach cinneadh polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch ag an leibhéal éifeachtach is ísle.

Mar chosantóirí an Domhain, fúinne atá sé an é a choimeád i staid cheart agus shláintiúil.

Ba cheart go dtabharfaí treoir don tsochaí maidir le féintuilleamaí agus comhoibriú ag gach leibhéal.

Tá caomhnú acmhainní tábhachtach do shochaí inbhuanaithe.

Tá an géarghá le síocháin ar domhan níos tábhachtaí ná aidhmeanna náisiúnta agus tráchtála.

Tá athdháileadh ag teastáil i dtaobh acmhainní an domhain de bharr an bhochtanais a bhfuil dhá thrian de theaghlaigh an domhain thíos leis.