Francis Noel Duffy

Teachta Dála

Urlabhraí na Tithíochta

Baile Átha Cliath Thiar Theas
Profile photo of Francis Noel Duffy TD
Quote marks

Ceisteanna fíorthábhachtacha is ea iad an tithíocht, an tsláinte agus an comhshaol dom. Clúdaíonn siad neart rudaí ina n-airítear oideachas, fostaíocht, pobal agus braistint ghinearálta na folláine.

Recent Achievements

Introduced the Defective Dwellings Bill 2021 to make provision for the law relating to the liability of builders, developers and others involved in the carrying out of residential construction works, and provide for a means of redress for persons affected by housing defects

Successfully passed a number of amendments which provided for 100% public housing to be delivered on public land in areas where there is a chronic shortage of affordable housing

Introduced legislation for Cost Rental housing with rent based on cost without high market profits

Following years of campaigning and engagement with Minister Foley, Francis secured a new school build for Tallaght Community School, which was facing serious risks to the health and safety of the staff and school students.

In collaboration with the Council, local football club and school, Francis has worked to ensure the redevelopment of Killinarden Park meets the needs of the local community to provide a badly needed inviting, creative and safe space for the youth and community

Taithí

Tá dlúthbhaint agam le mo phobal leis na blianta fada, mar ionadaí poiblí agus mar léachtóir fad-ama i Scoil Ailtireachta Bhaile Átha Cliath. Tá mé an-tugtha do thithíocht inbhuanaithe a thógáil agus do phobal feabhsaithe a bhunú do cách.

Mo thosaíochtaí

Tá sé mar aidhm agam feabhas a chur ar an iompar. Tá bonneagar rothaíochta agus coisithe ag teastáil ónár bpobal d’fhonn taisteal gníomhach a spreagadh agus pobal sábháilte a chruthú dár leanaí agus dár dteaghlaigh.

Ba mhaith liom cur le forbairt an phobail i mBaile Átha Cliath Thiar Theas trí chabhrú le heagraíochtaí pobail áitiúla freastal ar a gcuid riachtanas, agus áiseanna agus taitneamhachtaí in aice láimhe a fheabhsú.

Tá roinnt láithreán suntasach stairiúil oidhreachta agus cultúrtha i mBaile Átha Cliath Thiar Theas ar mhaith liom iad a chaomhnú. Tionscadal is ea caomhnú Theach Geata Bhaile an Mhóta, a tógadh thart ar 1622, a raibh mé ag obair air i bpáirt le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas.

Mar Urlabhraí Tithíochta de chuid an Chomhaontais Ghlais, ba mhaith liom go n-athrófar ár n-earnáil tithíochta ó bhonn ina hearnáil atá dírithe ar inacmhainneacht agus ionchuimsitheacht do gach leibhéal ioncaim. Creidim go bhfuil seachadadh feabhsaithe na tithíochta sóisialta agus na n-aonad ar cíos de réir costais, mar aon le scéimeanna ceannaigh inacmhainne feabhsaithe, ríthábhachtach d’fhonn margadh tithíochta inbhuanaithe a chinntiú.

Lean mé de bheartas iomlánaíoch inbhuanaithe a chruthú tríd an gComhairle, i bPlean Forbartha 2016-2022 agus i gcruinnithe míosúla na comhairle araon. Chinntigh mé go ndearnadh beartas na Comhairle de ‘Wood First’, éicea-stroighin agus bailiú báistí in aon tionscadal soláthair SDCC. Chomh maith leis sin, chuir mé cearta bealaigh trí Shléibhte Bhaile Átha Cliath chun cinn, rud a thug rochtain níos fearr don phobal ar an seoid chomhshaoil sin. Ag dul ar aghaidh, coinneoidh mé mo thiomantas do réitigh atá éifeachtach agus rathúil ó thaobh an chomhshaoil de a aimsiú.

Francis Duffy and Catherine Martin

Teagmháil

FrancisNoel.Duffy@oireachtas.ie