Minister Joe O'Brien

Teachta Dála
Aire

An tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanais sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

Baile Átha Cliath-Fine Gall
Joe O'Brien
Quote marks

Tá mé an-tugtha do chearta an duine agus do chomhionannas. D’oibrigh mé mo shaol gairmiúil ar fad chun cabhrú leo siúd lena gcaitear go holc agus sin an méid atá ar siúl agam freisin i mo shaol polaitíochta.

Creidim go dtugann na hoiriúnuithe sochaíocha agus eacnamaíocha, atá ag teastáil chun dul i ngleic go gníomhach leis an athrú aeráide, deiseanna dúinn an geilleagar a bhogadh ar shúil ó róspleáchas ar allmhairí breosla iontaise agus ar chuideachtaí ilnáisiúnta. Is féidir linn leas a bhaint as an iliomad deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann le cosaint ár dtodhchaí comhshaoil dúinn go léir, agus caithfimid amhlaidh a dhéanamh.

Recent Achievements

Published Sustainable and Inclusive Communities, the 5-year strategy document for the sector

Secured €2 million in funding for the Empowering Communities Programme to tackle area-based deprivation

Established Food Poverty Working Group to help fulfil Roadmap for Social Inclusion commitment

Secured €700,000 in funding for Library Supports for Marginalised Communities

Published the National Volunteering Strategy and established a Volunteer Centre in every county

Taithí

Tá mé i m’Aire Stáit sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, a bhfuil freagracht speisialta air maidir le Forbairt Pobal agus Carthanas, ó mhí Iúil 2020 i leith. Roimhe sin, bhí suíochán agam ar Chomhairle Contae Fhine Gall sular toghadh mar TD é chun ionadaíocht a dhéanamh ar Bhaile Átha Cliath Fhine Gall in 2019. Atoghadh mé sa phost sin i mí Feabhra 2020 sular ceapadh mé i mo ról reatha.

Sula ndeachaigh mé isteach sa pholaitíocht, d’oibrigh mé le daoine óga i mbaol agus d’oibrigh mé ar feadh níos mó ná deich mbliana ag Crosscare i réimse na gceart imirceach. Ar feadh trí bliana sula ndeachaigh mé isteach sa Dáil, d’oibrigh mé do Chomhairle um Inimircigh na hÉireann.

Mo thosaíochtaí

Díríonn mo chúlra gairmiúil ar chearta an duine agus ar chomhionannas, le príomhfhócas ar abhcóideacht. Oibrím go dian ar son na ndaoine i Baile Átha Cliath Fhine Gall, mo thoghcheantar féin, agus iad siúd nach bhfuil guth acu sa chóras agus/nó a bhfuil deacrachtaí acu seirbhísí ábhartha a rochtain.

Is príomhcheist do Bhaile Átha Cliath Fhine Gall iad easnaimh bhonneagair – easpa áiteanna scoile, iompar poiblí neamhleor, lánaí rothar neamhleor, ganntanas i líon na nGardaí, agus cruthaíonn siad go léir an gá atá lena chinntiú go gcaithfidh infheistíocht i seirbhísí poiblí coinneáil suas le fás daonra agus riachtanais ghaolmhara Bhaile Átha Cliath Fhine Gall.

Leanfaidh mé le tithíocht agus le géarchéim na heaspa dídine a chur chun tosaigh agus mé ag obair go comhoibríoch leis na páirtithe leasmhara agus ag tabhairt aird orthu siúd is mó atá buailte ag an ngéarchéim. Chomh maith leis sin, bainfidh mé úsáid as an taithí a fuair mé san earnáil neamhrialtasach agus as na scileanna abhcóideachta atá agam lena chinntiú go n-éistear le cách.

Joe O'Brien visits a bicycle repair workshop

Teagmháil

joe.obrien@oireachtas.ie