Minister Malcolm Noonan

Teachta Dála
Aire

An tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin

Ceatharlach-Cill Chainnigh
Malcolm Noonan

Mar Aire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchánach agus TD do Cheatharlach-Cill Chainnigh, oibrím gan stad gan staonadh ar mhaithe le tír ina bhfuil éiceachórais shláintiúla athléimneacha beo leis an bhfiadhúlra, áit a ndéantar foirgnimh agus séadchomharthaí stairiúla a chaomhnú agus a chur ar fáil do chách, agus ina bhfuil an próiseas toghcháin níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos cothroime.

Recent Achievements

Passed the Electoral Reform Bill which establishes an independent Electoral Commission for Ireland, modernises our electoral register, regulates online political advertising and strengthens regulations surrounding political donations

Established a Wildlife Crime Unit for the NPWS, which has been restructured as Executive Agency and seen funding double since 2020

Allocated €1.35 million in funding for Local Authority Biodiversity projects

Secured a bus service for Carlow Town, serving 60+ stops, including the Institute of Technology, the town centre, the railway station, and major employment areas

Secured €28 million for Carlow-Kilkenny urban regeneration, with Kilkenny benefiting from €6.64 million for the Kilkenny City Centre Enhanced Liveability Project. Carlow will benefit from €9.79 million for the Public Realm and Pedestrian Linkage Project

Taithí

Ceapadh mé mar Aire Stáit don Oidhreacht agus don Athchóiriú Toghchánach i mí Iúil 2020 tar éis dom a bheith i mo Chomhairleoir Cathrach agus Contae de chuid an Chomhaontais Ghlais i gCill Chainnigh ó 2004, agus ceapadh mé mar Mhéara Chill Chainnigh in 2009. Sula ndeachaigh mé isteach sa pholaitíocht, chaith mé fiche bliain mar ghníomhaí pobail agus comhshaoil le Cairde na Cruinne. Tá cúlra acadúil i bhforbairt tuaithe agam agus bím i mbun feachtais ar shaincheisteanna idir oidhreacht nádúrtha agus thógtha, iompar, saincheisteanna daoine óga, lánpháirtiú agus cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht sna healaíonta. Chuir mé le beartas oidhreachta uirbí na hEorpa agus tá spéis ar leith agam i gcaomhnú agus i bhforbairt eacnamaíoch bhailte agus shráidbhaile na hÉireann. Chuaigh mé san iomaíocht i bhFothoghchán Cheatharlach-Chill Chainnigh in 2015 agus san Olltoghchán in 2016 sular bhuaigh mé an suíochán i mí Feabhra 2020.

Quote marks

Bhí mé i m’oibrí deonach, i mo ghníomhaí agus i mo Chomhairleoir le breis agus 30 bliain, agus chaith mé mo shaol ar phrionsabail na forbartha inbhuanaithe, chumhachtú an phobail agus an chomhionannais i sochaí na hÉireann a chur chun cinn.

Mo thosaíochtaí

Gréasán comhtháite tuaithe agus uirbeach d’iompar poiblí cuimsitheach agus plean uaillmhianach le haghaidh aistriú módach i dtreo an tsiúil agus na rothaíochta i lárionaid uirbeacha.

Cill Chainnigh mar Ionad Dearaidh agus Déanta Chruthaithigh le Coláiste Tráchtála Tríú Leibhéal na nEalaíona Cruthaitheacha.

Deiseanna oiliúna agus fostaíochta ar ardchaighdeán do dhaoine óga i réigiún an Oirdheiscirt.

Athghiniúint faoi stiúir na hoidhreachta ar ár mbailte agus sráidbhailte, a thugann aghaidh freisin ar ár riachtanais tithíochta trí mhaireachtáil uirbeach inbhuanaithe.

Malcolm Noonan

Teagmháil

malcolm.noonan@oireachtas.ie