Vincent P. Martin

Seanadóir

Urlabhraí na nGnóthaí Eachtracha agus na Cosanta le Freagracht as Breatimeacht

Cill Dara
Vincent P Martin
Quote marks

Tá dúshuim agam i gcaighdeán beatha ár bpobal áitiúil a fheabhsú, go háirithe i gcomhthéacs dúshlánach atá ag síor-athrú, is é sin gurb é Cill Dara an contae comaitéireachta is mó in Éirinn.

Mo thosaíochtaí

Tá géarghá le gníomhú ar son na haeráide, d’fhonn ár mbithéagsúlacht a chosaint agus domhan sábháilte inbhuanaithe a sholáthar do na glúnta atá le teacht.

Tá réabhlóid sa chóras iompar ag teastáil in Éirinn, dár gcathracha, dár mbailte agus dár gceantair tuaithe, ina dtugtar tús áite don tsiúlóid, don rothaíocht agus don iompar poiblí.

Oibreoidh mé chun rochtain ar thithíocht leordhóthanach agus inacmhainne a éascú i ngach pobal, agus ar mhaithe le cearta níos láidre do thionóntaí.

Taithí

Toghadh chuig Comhairle Contae Chill Dara mé i mí an Mheithimh 2019, tar éis uaslíon na vótaí i gCeantar Bardasach an Náis a ghnóthú. Tá le rá agam gur toghadh chuig dhá Chomhairle Contae éagsúla in dhá chúige éagsúla mé, toisc go raibh mé i mo bhall de Chomhairle Contae Mhuineacháin ó 2004 go 2009. Bhí mé i mo Mhéara ar Chomhairle Baile Charraig Mhachaire Rois freisin. Tar éis bhunú an Rialtais i mí an Mheithimh 2020, rinneadh ball de Sheanad Éireann mé agus is Urlabhraí na nGnóthaí Eachtracha agus na Cosanta le Freagracht as Breatimeacht mé thar ceann an Chomhaontais Ghlais.

Is abhcóide cáilithe mé (abhcóide sinsearach) agus bhí mé i mo chomhbhunaitheoir ar an ngrúpa dlíodóirí New Beginning a thairg tacaíocht agus comhairle dlí saor in aisce do na mílte duine a thug aghaidh ar a dtithe a chailleadh go luath le linn an chúlaithe eacnamaíochta. Cheap mé comórtas bliantúil na dtrialacha bréige idirbhliana agus clár dlí cuairte (PAL), a cuireadh ar fáil do níos móná 160,000 dalta ar fud na tíre agus cheap mé an chéad chlár oideachais dlí de chuid na hÉireann a chuir abhcóidí cleachtacha ar fáil do phríosúnaigh fhireanna agus baineanna in Éirinn.

Is beachaire díograiseach mé agus tá mé i mo bhall de Chumann Beachairí Chill Dara Thuaidh. Is ball bunaidh agus oifigeach oideachais mé de chuid Chumann Fíona na hÉireann atá lonnaithe sa Nás, agus is ball de Chairde Éanlaith Chill Dara agus IFA Chill Dara mé freisin. Chomh maith leis sin, is bunaitheoir agus stiúrthóir Going Plastic Free Irl. mé, atá lonnaithe sa Nás.

Vincent P. Martin launches the Solar Bill in the Seanad

Teagmháil

vincentp.martin@oireachtas.ie
016183681