Aeráid

Tá an Comhaontas Glas chun tosaigh le breis is 40 bliain maidir le polaitíocht aeráide in Éirinn. Mar pháirtí polaitíochta, is againne amháin atá an saineolas agus an taithí chun na hathruithe atá ag teastáil ó Éirinn a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le hathrú aeráide agus é a mhaolú, agus aistriú cóir ag croílár na hathruithe sin.

Green Party Leaders Eamon Ryan and Catherine Martin publish the Climate Action Bill

Céard atá ar bun againn ar son na haeráide

Is éard atá mar aidhm ag an gComhaontas Glas ná ceannaire domhanda a dhéanamh d'Éirinn i réimse gníomhaithe ar son na haeráide.

Chuaigh an Comhaontas Glas isteach sa Rialtas in 2020 agus faoi Iúil 2021 rinneadh dlí den Bhille um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021. Ciallaíonn seo go bhfuil reachtaíocht aeráide in Éirinn ar cheann de na cinn is déine ar domhan agus ba é sin an chéad chéim chun cáil na hÉireann mar righneálaí aeráide a thiontaigh ina cáil mar cheannaire gníomhaithe ar son na haeráide. Chuaigh an t-acht i bhfeidhm tar éis comhairliúcháin phoiblí shuntasach agus tar éis comhoibrithe traspháirtí faoi stiúir Roinn Chomhshaoil an Aire Eamon Ryan agus an Chomhchoiste Oireachtais um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Foilsíodh an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 faoi Samhain 2021, a sholáthair an plean aeráide is mionsonraithe agus is uaillmhianaí i stair an stáit. Leagann sé amach treochlár d'Éirinn ina bhfaightear na spriocanna agus na bearta is cuí chun ár ngealltanais a chomhlíonadh i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus glan-nialas a bhaint amach faoi 2050.

Maidir leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide

Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide treochlár na hÉireann chun athrú sistéamach a chur i gcrích ar fud ár sochaí - i ngach pobal agus i ngach earnáil. Ní bheidh sé seo éasca. Rachaidh an turas amach romhainn go mór i bhfeidhm ar an gcaoi a mairimid, ar an gcaoi a dtaistealaíonn muid agus ar an gcaoi a n-oibrímid. Mar sin féin, tá sé in am gníomhú anois agus creidimid go mbeidh todhchaí níos fearr ann d'Éirinn mar gheall ar na hathruithe seo le haer agus uisce níos glaine, tithe níos teolaí, laghdú dramhaíola agus cultúir chaitigh agus geilleagar rathúil le fás suntasach i bpoist ghlasa.

Is éard atá mar aidhm ag Éirinn leis an Acht Aeráide 2021 ná ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú faoina leath faoi 2030, agus glan-astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050, agus tá an aidhm sin anois leagtha síos sa dlí. Don chéad uair riamh tá a fhios againn leis an bplean gníomhaíochta seo cad iad na bearta is gá dúinn chun é sin a bhaint amach. I measc na mbeart is criticiúla sa phlean, tá beart chun an cion leictreachais in-athnuaite a mhéadú go dtí suas le 80% faoi 2030. Ní hamháin go laghdóidh sé sin ár n-astaíochtaí ón leictreachas, cuirfidh sé ar ár gcumas earnálacha eile amhail iompar agus teas a leictriú, rud a laghdóidh ár n-astaíochtaí sna hearnálacha sin freisin.

Tá na prionsabail Aistrithe Chóir leabaithe sa phlean a sholáthróidh deiseanna forbartha acmhainní do phobail chun cinntiú go mbainfidh gach duine tairbhe as na hathruithe dearfacha atá ag teacht.

Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide

Gníomhú ar son na hAeráide ar fud na n-earnálacha

Tá an tAire Ossian Smyth i gceannas ar Straitéis Geilleagair Chiorclaigh uile-rialtais, lena mbaineann athrú radacach ar tháirgeadh agus ar thomhaltas in Éirinn.

Tá an tAire Joe O'Brien chun tosaigh ar an straitéis 'Pobail Inbhuanaithe, Chuimsitheacha agus Chumhachtaithe' le béim ar leith ar an ngá atá le gníomhú ar son na haeráide agus ceartas aeráide inár bpobail.

Tá Grace O'Sullivan FPE, an tAire Malcolm Noonan agus Steven Matthews TD ag obair go dlúth ar Phleanáil Mhuirí agus ar Limistéir faoi Chosaint san Eoraip agus in Éirinn.

Tá an tAire Pippa Hackett ag obair go dlúth le pobal feirmeoireachta na hÉireann chun todhchaí na feirmeoireachta a chosaint trí leas a bhaint as nuálaíocht agus cleachtais inbhuanaithe.

Quote marks

Soláthraíonn an tAcht Aeráide an creat d'Éirinn chun a gealltanais aeráide idirnáisiúnta agus AE a chomhlíonadh le bealach atá ceangailteach ó thaobh dlí i dtreo astaíochtaí glan-nialasacha tráth nach déanaí ná 2050. Níl aon am againn le cur amú, anois tosaíonn an fíor-obair.

Léigh tuilleadh faoinár gcuid oibre ar son na haeráide
The Time is Now logo from the Green Party Annual Convention 2021

Seoladh an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide - 'Ní mór dúinn ionchais dhaoine óga na hÉireann a chomhlíonadh'

Tuilleadh eolais

 


Minister Pippa Hackett

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide - 'Astaíochtaí laghdaithe agus ioncaim níos fearr d'fheirmeacha teaghlaigh'

Tuilleadh eolais

 

 


Senators Pippa Hacket, Roisin Garvey, Pauline O'Reilly and Vincent P Martin bring a motion to the Seanad calling for Ireland to accede to the Antarctic Treaty

Rún ón gComhaontas Glas don Seanad - Ag iarraidh ar Éirinn aontú do Chonradh an Antartaigh

Tuilleadh eolais