Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide

Leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide treochlár d'Éirinn ina mbeidh na spriocanna agus na bearta is gá chun ár ngealltanais a chomhlíonadh maidir lenár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus glan-nialas a bhaint amach faoi 2050.

Wind turbines visible over a field

Bagairt dúinn agus dár modh maireachtála is ea é an t-athrú aeráide. Ní fhéadfadh tuarascálacha le déanaí ó Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IPCC) a bheith níos láidre– Rinne na Náisiúin Aontaithe cur síos air mar "chód dearg don chine daonna”. Le tuilte, triomach agus teas foircneach beidh codanna den domhain do-áitrithe do shibhialtacht dhaonna.

Aithnímid uilig gur gá gníomhú láithreach. Tá a fhios againn cad atá le déanamh againn. Ní mór dúinn leas a bhaint as iarracht náisiúnta agus dhomhanda chun ár sprioc a bhaint amach. Beidh iarmhairtí tubaisteacha ag mainneachtain gníomhú, go háirithe do na pobail leochaileacha sin is lú a rinne an t-athrú aeráide.

Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 an plean aeráide is mionsonraithe agus is uaillmhianaí i stair an stáit. Leagann sé amach treochlár d'Éirinn ina bhfaightear na spriocanna agus na bearta is cuí chun ár ngealltanais a chomhlíonadh i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus glan-nialas a bhaint amach faoi 2050.

Léiríonn an Plean Um Ghníomhú ar son na hAeráide dúbailt éifeachtach uaillmhéine ar an bplean deireanach ach níor cheart breathnú air mar chríoch ann féin - déanfar measúnú agus coigeartú ar an bplean go bliantúil chun cinntiú go bhfuilimid ag fanacht ar an mbóthar ceart.

Táimid ag athrú ár gcórais leictreachais, le níos lú breoslaí iontaise agus níos mó foinsí in-athnuaite fuinnimh.

Táimid ag infheistiú inár gcóras iompair, agus tá sé mar aidhm againn 500,000 turas siúil, rothaíochta agus iompair phoiblí in aghaidh an lae breise faoi 2030.

Táimid ag athrú an chaoi a dtéimid ár dtithe trí chuidiú le breis is 500,000 duine a dtithe a insliú agus 600,000 caidéal teasa a shuiteáil.

Táimid ag infheistiú san fhoraoiseacht agus ag athfhliuchadh agus ag athchóiriú ár bportach.

Táimid ag cur le hinbhuanaitheacht na talmhaíochta agus ár gcóras bia, ag obair le feirmeoirí inár n-earnálacha mairteola agus déiríochta chun astaíochtaí a laghdú agus leibhéil táirgeachta á gcoinneáil.

Quote marks

Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide ár dtreochlár chun athrú sistéamach a bhaint amach ar fud ár sochaí - i ngach pobal agus i ngach earnáil. Rachaidh an turas amach romhainn go mór i bhfeidhm ar an gcaoi a mairimid, ar an gcaoi a dtaistealaíonn muid agus ar an gcaoi a n-oibrímid.

Ár mbeartais aeráide
Wind turbines over farmland in Ireland

Fuinneamh

Tá éifeachtúlacht agus caomhnú fuinnimh ríthábhachtach don chlaochlú go sochaí a úsáideann níos lú carbóin. Ní mór dúinn cinntiú gur féidir linn fuinneamh iontaofa, atá iomaíoch ó thaobh na heacnamaíochta de, a sholáthar dár dtír, agus nuair is féidir ní mór dúinn iarracht a dhéanamh ár bhfuinneamh a aimsiú ónár n-acmhainní in-athnuaite féin, rud a laghdóidh ár spleáchas ar fhuinneamh allmhairithe.

Tuilleadh eolais


Daisies growing in grass

Bithéagsúlacht

Tá sláinte agus folláine an bhithsféir lárnach do shláinte agus folláine an duine, chomh maith lena bheith fite fuaite iontu. Is mian linn go mbeadh Éire faoi bhláth mar thír ina bhfuil ithreacha sláintiúla, uisce sláintiúil agus aer sláintiúil, ag tacú le beatha éan, ainmhithe, plandaí agus feithidí i bhfad níos saibhre.

Tuilleadh eolais


Light shining down through the trees

Foraoiseacht

Teastaíonn na caighdeáin chosanta agus forbartha is airde uainn d'fhoraoisí na hÉireann de bharr a ról suntasach i leith geilleagar glas inbhuanaithe a chruthú in Éirinn chun ár spriocanna aeráide a bhaint amach.

Tuilleadh eolais