Tithíocht ar Cíos de réir Costais

Tá an tsamhail tithíochta ar cíos de réir costais ar cheann de mhórbheartais an Chomhaontais Ghlais. In 2021, rinneadh 440 teach ar cíos de réir costais a sheachadadh don chéad uair in Éirinn. Tá cíosanna na dtithe seo suas le 30-40% níos ísle ná praghsanna margaidh, rud a chiallaíonn go bhfuil an cineál seo cóiríochta cónaithe inacmhainne.

A solid green image with five white and lighter green house illustrations overlaid.

Tá an tsamhail chíosa de réir costais ar cheann de mhórbheartais an Chomhaontais Ghlais. In 2021, rinneadh 440 teach ar cíos de réir costais a sheachadadh don chéad uair in Éirinn. Tá cíosanna na dtithe seo suas le 30-40% níos ísle ná praghsanna margaidh, rud a chiallaíonn go bhfuil an cineál seo cóiríochta cónaithe inacmhainne. Faoin straitéis Tithíocht do Chách méadaíonn na spriocanna d'aonaid ar cíos de réir costais ón líon reatha go 2,000 aonad in aghaidh na bliana. Ba mhaith leis an gComhaontas Glas go dtiocfadh méadú breise ar an sprioc sin agus beidh muid ag obair lenár gcomhpháirtithe Rialtais chun dul i ngleic leis seo.

Cad is cíos costais ann?

Is ionann cíos costais agus cóiríocht ar cíos nua-aimseartha d'ardchaighdeán á soláthar ag an stát. Tugtar cíos costais air toisc go n-úsáidtear an cíos chun an costas a bhaineann leis an gcóiríocht a thógáil a chlúdach thar shaolré iasachta tógála fadtéarmaí. Cuireann sé seo ar chumas an rialtais agus na n-údarás áitiúil tithíocht inacmhainne a phleanáil go fadtéarmach, agus leanúint ar aghaidh ag tógáil tithíochta nua fiú le linn coir chun donais. Is é an chóiríocht úsáid mheasctha, tionacht mheasctha le pobail éagsúla a bheith ag obair. Tá sé cruthaithe gur bealach an-éifeachtach é chun tithíocht a sholáthar i go leor tíortha Eorpacha. Tá tástáil déanta ag na hOstaraigh ar an gcineál seo tithíochta le 100 bliain agus cuireann sé cóiríocht chuibhiúil, shlán agus inacmhainne ar fáil anois do níos mó ná 60% de chónaitheoirí Vín.

Irish Housing Estate - stock image

Tithíocht

Tá géarchéim tithíochta agus inacmhainneachta nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ag tarlú in Éirinn. Tá an Comhaontas Glas ag obair go dian chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo tríd an scéim iarfheistithe is mó a tairgeadh riamh i stair an Stáit a thabhairt isteach agus cinntiú gur tithíocht shóisialta nó inacmhainne é 100% den tithíocht a thógtar ar thalamh poiblí i mórionaid uirbeacha.

Tuilleadh eolais


Aerial view of houses in Ireland

Ár mbeartas tithíochta

Is ceart daonna agus sóisialta é tithíocht leordhóthanach, idirspleách le dea-phleanáil, iompar, forbairt bonneagair, agus bainistíocht talún. Ba cheart go gcuirfeadh beartas tithíochta dea-thorthaí chun cinn do leanaí, do dhaoine óga, agus dóibh siúd is leochailí sa tsochaí amhail daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas.

Tuilleadh eolais