Minister Eamon Ryan

Teachta Dála
Aire

An tAire Comhshaoil, Aeráide, Cumarsáide agus Iompair

Cuan Bhaile Átha Cliath Theas
Eamon Ryan
Quote marks

Bhí polaitíocht ghlas de shíor bunaithe ar chomhdhearcadh. Tá ár bpolaitíocht bunaithe ar chomhoibriú leis an bhfreasúra agus le rialtais. Ní theastaíonn uainn a bheith páirteach i gcogaí maslacha ar líne, ná i gcleasaíocht, polaitíocht den seandream. Is í polaitíocht an chomhoibrithe an cineál polaitíochta atá de dhíth orainn inniu.

Ní mór dúinn smaoineamh faoi réitigh réadúla i leith na bhfadhbanna atá romhainn agus oibriú ar bhealach dearfach chun an t-athrú atá riachtanach a bhaint amach. Is é “smaoinigh ar bhonn domhanda, gníomhaigh go háitiúil” ár mana, agus eascraíonn sé as an gcreideamh go bhfuil dlúthbhaint i gceist le cúram a thabhairt don dúlra agus dá chéile.

Caithfidh sé tosú le fís fhadtéarmach don chathair. Seasaim do Bhaile Átha Cliath atá deartha timpeall ar dhaoine agus ar an gcomhshaol.

Seasaim do Bhaile Átha Cliath ina bhfuil dea-oideachas agus obair oilte ar fáil dóibh siúd a lorgaíonn iad, áit a bhfuil sé d’acmhainn ag daoine teach a fháil ar cíos nó a cheannach, áit a ráthaítear rochtain ar chóras iompair poiblí éifeachtach agus iontaofa agus ina bhfuil rothaíocht agus siúl ina rogha inmharthana agus shláintiúil freisin do dhaoine atá ag dul isteach agus amach as lár na cathrach

Mo thosaíochtaí

Tá na deich mbliana amach romhainn ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide agus bhithéagsúlachta atá ag bagairt ar ár dtodhchaí shábháilte ar an bpláinéad seo. Creidimid gur bhfuil Éire inchurtha leis an dúshlán seo, agus go mbeimid in ann sláinte, leas agus slándáil ár ndaoine go léir a fheabhsú agus é sin á dhéanamh againn.

Táimid tiomanta do laghdú 7% in aghaidh na bliana ar an meán ar astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa ó 2021 go 2030 (laghdú 51% thar na deich mbliana) agus do gheilleagar aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050. Leagfar síos sprioc 2050 sa dlí leis an mBille um Ghníomhú ar son na hAeráide, in éineacht le Comhairle nuabhunaithe um Ghníomhú ar son na hAeráide. Saineoidh an Bille conas a shocrófar buiséid charbóin cúig bliana. Rannchuideodh gach earnáil leis an sprioc sin a bhaint amach trí athruithe beartais a chur i bhfeidhm.

Táimid tiomanta d’athrú bunúsach ar chineál an iompair in Éirinn. Cuireann feabhsaithe riachtanacha maidir le tionchar aeráide, cáilíocht na beatha, cáilíocht an aeir agus sláinte fhisiciúil agus mheabhrach éileamh ar an Rialtas taisteal gníomhach agus iompar poiblí a dhéanamh níos fearr agus níos inrochtana.

Tá acmhainneacht ollmhór ag rothaíocht agus rothaíocht leictreach chun cion ard de thurais laethúla a éascú, má chuirimid timpeallacht ar fáil a chosnaíonn agus a thugann tús áite don mhodh iompair seo. Cuirfimid rothaíocht agus sábháilteacht na gcoisithe chun cinn agus cumasóimid é seo trí dhearadh feabhsaithe, scaradh méadaithe agus comharthaíocht agus marcáil níos fearr.

Taithí

Rugadh mé i mBaile Átha Cliath agus tógadh mé i nDún Droma agus i nDartraí. Rinne mé staidéar ar thráchtáil i UCD sula bhfuair mé post ag bainistiú cúrsa margaíochta i Scoil Ghnó na hollscoile. Bhunaigh mé cuideachta turasóireachta rothaíochta, Irish Cycling Safaris, ag deireadh na 1980idí agus i 1996 bhuaigh mé Gradam Fiontraíochta Turasóireachta Ernst & Young. Tá an gnóthas fós ag trádáil go rathúil mar Cycling Safaris. Bhí mé i mo chathaoirleach bunaidh ar Fheachtas Rothaíochta Bhaile Átha Cliath agus chuir mé tús le mo ghairm pholaitiúil mar Chomhairleoir Cathrach Bhaile Átha Cliath do bharda Ráth Garbh-Ráth Maonais. Ina dhiaidh sin bhí mé i mo Theachta Dála do Chuan Bhaile Átha Cliath Theas agus i m’Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha don Rialtas. Le blianta beaga anuas, d’oibrigh mé d’eagraíocht aeráide Eorpach agus bhí mé i mo chathaoirleach ar an ngrúpa beartais dhigitigh san Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha.

Eamon Ryan speaks to reporters

Teagmháil

eamon.ryan@oireachtas.ie
016183898